Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 31 Oct 1996

Vol. 470 No. 8

Written Answers. - Stádas Oifigiúil don Ghaeilge.

Éamon Ó Cuív

Question:

50 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den den Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil i gceist aige stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge; agus má tá, céard iad na céimeanna atá tógtha aige leis an stádas seo a bhaint amach. [17542/96]

Tá cúram don ábhar seo ar an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Ba mhaith liom aird an Teachta a dhiriú ar na freagraí a thug an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta don Teach ar an ábhar céanna ar Cheist Uimhir 107 ar 30 Aibreán, ar Cheisteanna 22, 24, 80 agus 93 ar 12 Meitheamh agus ar Cheist Uimhir 38 ar 8 Deireadh Fómhair. Bheadh sé níos oiriúnaí mar sin an cheist seo a chur ar an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Top
Share