Tuigtear go maith go bhfuil díomá ar bhainistíocht agus ar fhóirne scoileanna éagsúla a chuir isteach ar ghné tuaithe an tionscnaimh a sheol mé le déanaí chun timthriail an mhí-bhuntáiste a bhriseadh.
Bunaíodh an tionscnamh ar thaighde agus ar staidéar a rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine agus an Foras Taighde ar Oideachas. Mhol an dá eagras go ndíreofaí pé achmhainní a bheadh ar fáil ar na daltaí is mó faoi mhí-bhuntáiste sna scoileanna cathartha agus sna scoileanna tuaithe. Moladh freisin go gcloifí le 16 per cent de na daltaí scoile sa chuspóir sin agus notaítear sa chomhthéacs seo go bhfuil 17 per cent de na daltaí scoile sa scéim do scoileanna i gceantair faoi mhí-bhuntáiste cheana féin.
Cheap an Foras Taighde na critéir atá in úsáid anois chun scoileanna i gceantair faoi mhí-bhuntáiste a aithint tar éis staidéar a dhéanamh ar mhór-chuid táscairí. Riaraigh an foras taighde an obair trín ar aithníodh na scoileanna a bheadh páirteach sa tionscnamh freisin.
I gcomhthéacs gné tuaithe an tionscnaimh, mhol an foras taighde go ndíreofaí na hachmhainní ar ghrúpaí scoileanna le fóirne níos lú ná cúigear oide a bheadh congarach go leor dá chéile chun comhoibriú lena chéile agus chun go bhfreastalódh comhordaitheoir ar a riachtanais go héifeachtach. Ní fhéadfaí an scoil a luann an Teachta a chur san áireamh ar bhonn na gcritéir seo.