Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 25 agus Uimh. 28 le chéile.
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 9 ar 8 Bealtaine 1996 socraíodh níos luaithe i mbliana, ar mhaithe le dúbailt a sheachaint agus ar mhaithe le dea-riarachán, cúram na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i leith na gcomharchumann Gaeltachta a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta le héifeacht ó 1 Eanáir 1997. Chuir bainisteoirí comharchumann áirithe in iúl ag an am nach raibh siad sásta lena raibh beartaithe agus bhí cruinniú ag an Aire le hionadaithe Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta ar 20 Meitheamh chun deis a thabhairt dóibh a gcás i gcoinne a bhfuil beartaithe a chur in iúl.