Éamon Ó Cuív
Question:27 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar dheontas le hobair a dhéanamh ar chéibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin. [20990/96]
Vol. 471 No. 4
27 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar dheontas le hobair a dhéanamh ar chéibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin. [20990/96]
Glacaim leis gur Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin, atá i gceist ag an Teachta.
Faoi mar a chuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 83 ar 12 Meitheamh fuarthas iarratas níos luaithe i mbliana ar chúnamh chun móroibreacha breise feabhsúcháin a chur i gcrích ag an gcé agus tá tuairimí Roinn na Mara iarrtha faoi na hoibreacha i gceist. Déanfar an t-iarratas a mheas tuilleadh nuair a gheofar tuarascáil ón Roinn sin.