Faoi mar a cuireadh in iúl don Teacht agus Ceisteanna Dála faoin ábhar céanna á bhfreagairt ar 12 Meitheamh agus 8 Deireadh Fómhair 1996 is constaic mhór í easpa bunstruchtúir nua-aimseartha ar fhorbairt na Gaeltachta, ar a n-áirítear forbairt tionscail.
Bíonn plé ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta mar is cuí leis na heagraíochtaí atá freagrach as cúrsaí bunstruchtúir — bóithre, teileachumarsáid, leictreachas, uisce, séarachas, saoráidí calaíochta, aerstráicí, etc. Is obair leanúnach í seo agus, cé nach féidir a bheith lánsásta leis an dul chun cinn i ngach cás, tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar go leor bealaí, mar sampla, sa réimse teileachumarsáide, le haerstráicí, le muiroibreacha, le cumhacht leictreachais agus le huisce. Ar an taobh eile den scéal níl aon phríomhbhealach náisiúnta trí aon cheantar Gaeltachta agus tá staid na mbóithre móra sa Ghaeltacht ina bhac ar dhul chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh riachtanais bhonneagar bunúsach iompair na Gaeltachta ar chláracha oibre na n-údarás cuí.