Nuair a glacadh an cinneadh chun dul ar aghaidh leis an togra seo, ba ghá do mo Roinnse comhairleoirí a fhostú chun fiosrúcháin a dhéanamh faoin staid ina raibh cúrsaí i mBáisín an Chladaigh agus i gCanáil Eglinton agus chun tuarascáil a chur ar fáil ina leith. Nuair a fuarthas an tuarascáil sin, iarradh ar na comhairleoirí miondearadh a dhéanamh don scéim agus na doiciméid ábhartha i ndáil le hiarratas pleanála a ullmhú.
Ag an am gcéanna, bhí próiséas fada comhairleoireachta ar siúl le páirithe leasmhara, ar a n-áirítear an phobal áitiúil, úinéirí bád, Bardas na Gaillimhe, Iontaobhaithe Loingseoireacht Loch Coiribe agus an Fochoiste Uiscebhealaí den Chomhairle Oidhreachta.
Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair chun an t-iarratas pleanála a chur os comhair an bhardais agus tá i gceist go ndéanfar é sin faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn.