Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Bóithre Áise.

Desmond J. O'Malley

Question:

41 D'fhiafraigh Mr. O'Malley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéid iarratas reatha atá sa Roinn faoi scéim na mBóithre Áise; an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil aon toradh fós ar ath-bhreithniú na scéime seo i gcomhairle leis an Aire Airgeadais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20988/96]

Fuarthas thart ar 85 iarratas ó thús na bliana seo ar chúnamh faoi Scéim na mBóithre Áise.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra ar Cheisteanna Uimh. 39, 62, agus 65 ar 8 Deireadh Fómhair maidir le soláthar a chur ar fáil i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre sa Ghaeltacht. Tá an cheist á coimeád faoi bhreithniú i gcónaí.

Top
Share