Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Priority Questions. - Coimisiún na n-Eagras Deonach Gaeilge

Éamon Ó Cuív

Question:

20 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a cuireadh Tuarascáil Choimisiún na nEagras Deonach Gaeilge ar fáil; an bhfuil i gceist aige an tuarascáil a fhoilsiú agus má tá, cén uair a fhoilseofar í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina taobh. [21005/96]

Robert Molloy

Question:

111 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil tuarascáil an Choimisiúin faoi ról na n-eagras deonach Gaeilge faighte aige fós agus má tá, cén cinneadh atá beartaithe aige ar na moltaí sa tuarascáil sin agus an bhfuil sé i gceist an tuarascáil a chur fáil do Theachtaí Dála; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina taobh. [20981/96]

Tógfaidh mé Ceisteanna 20 agus 111 le chéile.

Níl tuarascáil fhoirmeálta chríochnaitheach faighte agam go fóill ón gCoimisiún a bhunaigh mé chun ról, struchtúr agus éifeachtacht na n-eagras deonach Gaeilge a fhaigheann airgead Stáit a bhreithniú. Tá dréacht-thuarascáil feicthe ag oifigigh de chuid mo Roinne-se, áfach, agus pléite acu leis an gCoimisiún.

D'fhonn cabhrú leis an gCoimisiún ina chuid oibre táim chun na téarmaí tagartha a tugadh dó a leathnú le go dtabharfar aird iomchuí ar pháirt Bhord na Gaeilge i dtaca leis na heagrais sin.

Níor chóir go gcuirfí mórán moille dá bharr sin le críochnú na tuarascála.

Tá ar intinn go bhfoilseofar an tuarascáil sin.

An bhféadfadh an tAire a inseacht dúinn nuair a bunaíodh an coimisiún sin, cén scála ama a tugadh dóibh le tuarascáil a chur ar fáil?

Bhí mé ag siúl le moltaí an choimisiúin faoi dheireadh Bealtaine, 1996. Scrúdaigh siad a lán eagrais éagsúla ar nós Chonradh na Gaeilge, Gael-Linn, Glór na nGael. Cumann na bhFiann, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an tOireachtas, an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Ógras, an Coiste Scolaíochta, Gaelscoileanna, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Feachtas. an Gael-Acadamh, Cumann Scoil Drámaíochta agus Raidió na Life. Nuair a bhí an dréacht acu roimh chríoch na tuarascála rinne siad teangmháil le mo Roinn ag iarraidh go ndéanfaí na téarmaí tagartha a leathnú chun go mbeadh siad plé a dhéanamh ar an ábhar a luaigh mé.

Having passed our time allocation for Priority Questions, we will be dealing with Questions 20 and 21 in the category of other questions.

Mar a dúirt an tAire, bhí sé i gceist go mbeadh an tuarascáil seo réitithe nó foilsithe roimh dheireadh mhí Bhealtaine. An nglacfadh an tAire leis go raibh a fhios aige ón tús go díreach cé na heagrais a ndéanfaí scrúdú orthu agus an féidir leis a mhíniú don Teach cén fáth go bhfuil sé mhí moille ar an sprioc ama a tugadh agus munar tugadh dóthain ama cén fáth nár tugadh sa chéad fhógra le go ndéanfaí obair an choimisiúin seo i gceart? Níl móran maith le bheith ag fógairt spriocdhátaí nach bhfuil ciall ná réasún leo agus nach féidir cloí leo leis an obair cheart a dhéanamh.

Tá mé lánsásta go bhfuilimid agus go mbeimid faoi chomaoin mhór ag na daoine seo as ucht an obair atá á dhéanamh acu ar bhonn pearsanta. Thóg siad an obair orthu féin, rinne siad a lán teagmhála leis na heagrais éagsúla agus tá cúramaí eile ar na daoine seo, an Dochtúir Muireann Ní Bhrolcháín, an Dochtúir Mairéad Mac Curtáin, Eoin Ó Cadhain, an Dochtúir Caoilfhionn Nic Pháidín agus an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin. Táim lánchinnte go ndearna siad a ndícheal agus ag an am gcéanna ní ghlacaim leis go gcuirfí moill rómhór ar an dul chun cinn atá á lorg agam maidir leis na heagrais dheonacha.

Ag an gcruinniú a bhí ag an coimisiún le hoifigigh mo Roinne-se, tháinig sé suas nuair a bhí siad ag déileáil leis na heagrais éagsúla, go raibh ról tábhachtach ag Bord na Gaeilge agus b'in an fáth gur iarr siad go leathnófaí na téarmaí tagartha. Táim lánsásta go ndéanfaí é sin. Chomh luath agus a gheobhaidh mé an tuarascáil chríochnaithe, foilseofar í.

An Teachta, Bobby Molloy, has tabled one of the questions that is being dealt with. I will also call on Deputy Ó Cuív again.

An ndúirt an tAire cathain a fuair sé an tuarascáil?

Is éard a dúirt mé ná nach fuair mé an tuarascáil chríochaitheach. Pléadh gnéithe éagsúla de dhréachtaí de le hoifigigh mo Roinne.

Tá mé ag glacadh leis go bhfuil sé sin fíor ach tá eolas faighte agamsa go bhfuil an tuarascáil nó an chuid is mó de, faighte ag an Aire le sé nó seacht seachtaine. Muna bhfuil sé faighte aige, cén uair atá sé ag siúl leis nó an bhfuil cuid de faighte aige? Cén fad a bheidh sé á phlé sa Roinn sula bhfoilseofar é nó sula bhfeicfidh muide é?

Tá an rud a dúirt mé soiléir agus déarfaidh mé arís é. Ní bhfuair mé cóip den tuarascáil ach tá dréacht de faoi nithe éagsúla pléite idir an coimisiún agus mo Roinn. Nuair a bheidh cóip faighte agam, cuirfear cóip de ar fáil laistigh de cúpla seachtaine.

Cuireann sé díomá orm a chloisteáil ón Aire go bhfuil dréacht den tuarascáil faighte aige cheana féin. Cheap mé...

Ní dúirt mé é sin.

Níl cumhacht ar bith ag na hAirí sa Rialtas seo; is ag na hoifigigh atá sé.

Caithfidh sé féin é seo a mhíniú mar níl sé mínithe go ró-mhaith go dtí seo aige. Má tá dréacht de rud éigin feicthe aige, tá imní orm mar iar-Aire mar tá sean-taithí agam ar a mbíonn ar siúl. An bhfuil an dréacht seo feicthe ag daoine i Roinn an Aire ionas go mbeidís in ann treoir a thabhairt don choimisiún cén sórt dréacht dheiridh a bheadh ag teastáil ón Roinn? An é nach mbeidh an dréacht dheiridh comh neamhspleách agus a mbeimis ag súil leis nó cén fáth go mbeidís ag taispeáint dréachtaí den tuarascáil sula mbeadh sé go léir críochnaithe?

Tá an méid a dúirt mé rísoiléir. Níl an tuarascáil críochnaithe, tá cuid mhór den obair déanta agus tá dréacht den obair sin ann. Bhí sé ag teastáil ón gcoimisiún go leathnófaí na téarmaí tagartha agus bhí cainteanna acu le hoifigigh mo Roinne. Tharla sé sin.

Is cuma cén sórt spin a chuirfidh an Teachta Ó Maoildhia air. Níl sé ar intinn agam aon bhac a chur ar an gcoimisiún maidir le haon rud a fhoilseodh siad nó a iniúchfadh siad. Sin an fáth gur aontaigh mé go mba chóir na téarmaí tagartha a leathnú. Níl aon chinsireacht i gceist agam: b'fhéidir gur tharla sé sin san am atá thart ach níl sé ag tarlú faoi mo Aireacht.

Cén fath nach bhfuil an tuarascáil réidh? Míneodh an tAire é sin.

Thug mé míniú don Teachta ach tá sé chomh cantalach sin nach féidir leis éisteacht le héinne. Agus sin an sórt clú atá air.

Fáiltím roimh an iarratas ón gcoimisiún go leathnófaí na téarmaí tagartha le Bord na Gaeilge a thógáil fé scáth an choimisiúin. Tá sé sin le moladh ach is é an trua é nár deineadh é sin an chéad uair.

Táimid fós cúig mhí chun deireadh ó thaobh na dréacht-tuarascála thar mar a bhí molta. Bíonn an tAire i gcónaí ag caint ar phleanáil agus taispeánann sé seo droch-phleanáil mar thuig chuile dhuine na cúraimí a bhí ar na daoine a ceapadh ar an gcoimisiún. Taispeánann sé droch-phleanáil sa Roinn nach rabhthas in ann spriocama a leagan amach i gcomhairle leis an gcoimisiún agus cloí leis. An bhféadfadh an tAire a rá cén uair anois a fhoilseofar an tuarascáil dheiridh ón gcoimisiún seo chun é a chur i láthair an Tí seo?

Tá mé sásta pé am atá ag teastáil ón gcoimisiún a thabhairt dóibh chun an jab a chríochnú.

Ar socraíodh cén méid ama a bheas ag teastáil uathu chun an jab a chríochnú nó an féidir linn barúil ar bith a bheith againn cén uair is féidir linn a bheith ag súil leis an tuarascáil seo?

Ceisteanna teibíochta a rinne an t-uafás damáiste don teanga leis na blianta. Tá sé ráite agam nach gcuirfear aon mhoill ar na torthaí; ní bheidh am á chur amu. Luaigh mé ainmneacha na ndaoine atá ar an gcoimisiún: is daoine den scoth iad agus beidh siad in ann an tuarascáil a chríochnú. Chomh luath agus a dhéanfar sin, beidh sé ar fáil.

Bhunaigh mé féin an coimisiún seo. Cén fáth nach ndearna Rialtais eile aon scrúdú ar na heagrais dheonacha? Bhí Airí ann agus is iontach an méid cur i gcéill a bhí acu i leith cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tá na torthaí air sin le feiceáil.

Mar eolas don Aire, thug cúpla ball don choimisiún do na heagrais Ghaeilge cuairt ar an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge agus bhí cuid de na Teachtaí i láthair. Bhí cur agus cúiteamh maith eadrainn agus tá anmhuinín agam féin as baill an choimisiúin sin: ón méid a chonaic mé, is daoine neamhspleácha iad a bhfuil tuairimí dá gcuid féin acu.

Tá an tAire le moladh as an choimisiún seo a chur ar bun: is fada muid ag fanacht ar cheann dá leithéid. Is fiú fanacht go mbeidh an tuairisc ar fáil agus tuairisc chuimsitheach a bheas ann. An gcuirfear cóip den tuarascáil i láthair an Chomhchoiste don Ghaeilge agus i láthair an Oireachtais seo nuair a bheidh sé ar fáil?

Beidh áthas orm é sin a dhéanamh agus déanfaidh mé é chomh luath agus a gheobhaidh mé an tuarascáil. Tá na daoine ar an gcoimisiún an-ghnóthach ach thóg siad an obair seo orthu féin agus tá siad lán-dáiríre faoi. Tá sé tábhachtach go gcuirfí na moltaí ar fáil i gcló agus déanfar é sin gan mhoill.

Top
Share