Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Deontas Feabhsúcháin.

Máire Geoghegan-Quinn

Question:

97 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas feabhsúcháin atá ceadaithe le sé mhí le hiarratasóir (sonraí tugtha) in gContae na Gaillimhe. [20860/96]

Ceadaíodh deontas tógála £2,500 sa chás seo ar 13 Bealtaine 1996 agus fuarthas iarratas ar íocaíocht tamall ó shin.

Faoi mar is eol don Teachta, bhí moill ar phróiseáil cuid de na hiarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltacha toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn i rith an tsamhraidh. Bhí cainteanna ar siúl le tamall leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann d'fhonn teacht ar réiteach faoin athstruchtúrú ghinearálta. Bhí dóchas agam go mbeadh an cheist socraithe i bhfad roimhe seo mar ghoill sé go mór orm go raibh moill ar íocaíocht deontais tithíochta.

Tá áthas orm, mar sin, go bhfuil glactha ag an gceardchumann agus ag an bhfoireann inniu leis an tairiscint atá déanta leo.

Tá socruithe déanta chun na cásanna ar cuireadh moill orthu a phróiseáil go han-luath. Tá an cás a luann an Teachta san áireamh i measc na gcásanna sin.

Máire Geoghegan-Quinn

Question:

98 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas feabhsúcháin atá ceadaithe le sé mhí le hiarratasóir (sonrai tugtha) i gContae na Gaillimhe. [20861/96]

Ceadaíodh deontas £329 sa chás seo ar 26 Iúil 1995 agus fuarthas iarratas ar íocaíocht tamall ó shin.

Faoi mar is eol don Teachta, bhí moill ar phróiseáil cuid de na hiarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn i rith an tsamhraidh. Bhí cainteanna ar siúl le tamall leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann d'fhonn teacht are réiteach faoin athstruchtúrú ghinearalta. Bhí dóchas agam go mbeadh an cheist socraithe i bhfad roimhe seo mar ghoill sé go mór orm go raibh moill ar íocaíocht deontais tithíochta.

Tá áthas orm, mar sin, go bhfuil glactha ag an gceardchumann agus ag an bhfoireann inniu leis an tairiscint atá déanta leo.

Tá socruithe déanta chun na cásanna ar cuireadh moill orthu a phróiseáil go han-luath. Tá an cás a luann an Teachta san áireamh i measc na gcásanna sin.

Top
Share