Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Athstructúrú Foireann Tithíochta.

109. D'fhiafraigh

ar an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil réiteach páirt-aimseartha déanta aige chun a chinntiú go mbeadh leanúnacht i gcomhlíonadh dualgaisí an chigire uachtaraigh tithíochta a d'imigh ón Roinn tamall ó shin agus an bhféadfadh sé a chur in iúl an bhfuil aon réiteach fós faoin cheist athstruchtúraithe ginearálta a bhí faoi chaibidil idir an fhoireann tithíochta agus a gceardchumann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20978/96]

Bhí cainteanna ar siúl le tamall leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann d'fhonn teacht ar réiteach faoin athstructúrú ginearálta. Bhí dóchas agam go mbeadh an cheist socraithe i bhfad roimhe seo mar ghoill sé go mór orm go raibh moill ar íocaíocht deontais tithíochta.

Tá áthas orm mar sin go bhfuil glactha ag an gceardchumann agus ag an bhfoireann inniu leis an tairiscint atá déanta leo.

Top
Share