Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha.

Robert Molloy

Question:

112 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé eolas ar fáil faoi na hocht dtograí faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999 ina bhfuil cinneadh i bprionsabal déanta cúnamh a chur ar fáil dóibh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20982/96]

Tá cinneadh i bprionsabal déanta agam i ndáil le cúnamh a chur ar fáil do 25 togra faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999 atá á riaradh agam faoin gClár Feidhme Turasóireachta de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá liosta de na tograí a ceadaíodh i bprionsabal san aguisín leis seo.

Tá sé socraithe an chéim dheireannach den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha faoin a mbeidh thart ar £5 milliún le tairiscint do thograí a fhógairt ar 15 Samhain 1996.

Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha.

—Saoráid amharclainne nua i Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall — £1.500,000

—Ionad ealaíon nua i dTeach na Cúirte, Port Laoise, Contae Laoise — £1,300,000

—Forbairt agus leathnú ar Mhúsaem Poiblí Chorcaí — £900,000.

—Athnuachan agus leathnú ar Theatre Royal Phort Láirge — £562,000

—Athnuachan agus athchóiriú ar Amharclann Everyman Palace i gCathair Chorcaí — £350,000
—Forbairt ar Ghailearaí Ealaíon Chathair Luimhní — £687,500
—Pictiúrlann ealaíon 200 suíochán a sholáthar i gCathair Chorcaí — £100,000
—Ionad ealaíon nua a sholáthar i dTeach Edenville i Ros Comáin — £250,000
—Ionad cultúir, lena n-áirítear saoráidí amharclainne, a fhorbairt ag Dúlainn, Contae an Chláir — £90,000
—Saoráidí amharclainne breise ag Teach Opera Chorcaí, Cathair Chorcaí — £375,000
—An seanphictiúrlann ag Maigh Chromtha i gCorcaigh a athrú chun saoráidí amharclainne — £150,000
—Saoráid ilchuspóireach amharclainne a sholáthar i nDún Laoighaire — £1,000,000
—Ionad Ealaíon, lena n-áirítear saoráidí amharclainne, a sholáthar ag Baile Bhláinséir, Baile Átha Cliath 15 — £1,100,000
—Saoráid amharclainne a fhorbairt i dTamhlacht — £1,100,000
—Saoráidí breise ealaíon agus cultúir a fhorbairt ag Gailearaí Hugh Lane/National Ballroom, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1 — £500,000
—Saoráidí amharclainne agus taispeántais a fhorbairt ag Ionad Ealaíon ó Thuaidh, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17 — £300,000
—Ionad Ealaíon na Gaillimhe a athchóiriú agus a leathnú — £250,000
—Ionad Cultúir a fhorbairt in Inis Oírr, Árainn, Contae na Gaillimhe — £90,000
—Athdhéanamh fírinneach ar shoitheach imirce 19ú céad i dTrá Lí, Contae Chiarraí — £750,000
—Saoráidí taispeántais/áit gailearaí agus ealaíon i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo — £140,000
—Ionad nua ealaíon agus amharclann ag Halla Oxmanstown, Biorra, Contae Uí bhFáile — £250,000
—Athchóiriú agus leathnú ar Mhúsaem Dheisceart Thiobraid Árann, Cluain Meala — £750,000
—Ionad ealaíon a sholáthar agus saoráidí amharclainne a uasghrádú ag Halla an Chontae i Muileann gCearr, Contae na hlarmhí — £750,000
—Athnuachan agus leathnú ar Amharclann Naomh Micheál (Feachtas), Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman — £250,000
—Forbairt ar mhúsaem ar shaol Michael Davitt, An tSráid, Béal Easa, Contae Mhaigh Eo. — £200,000.
Top
Share