Éamon Ó Cuív
Question:27 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nár tugadh an stádas faoi mhí-bhuntáiste do na scoileanna in Oileáin Árainn, Maínis, Gort Mór, Ros Muc agus Camus; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21258/96]
Vol. 471 No. 6
27 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nár tugadh an stádas faoi mhí-bhuntáiste do na scoileanna in Oileáin Árainn, Maínis, Gort Mór, Ros Muc agus Camus; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21258/96]
30 D'fhiafraigh Mr. M. Brennan den Aire Oideachais cén fáth nár cuireadh an cóimheas 15:1 i bhfeidhm, i gcás na scoileanna beaga tuaithe a fuair a stádas faoi mhí-bhuntáiste le gairid, mar a cuireadh i bhfeidhm i gcás na scoileanna sna cathracha móra; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21259/96]
61 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nár cuireadh fadhbanna teanga san áireamh mar shlat-tomhais don stádas faoi mhí-bhuntáiste sna scoileanna Gaeltachta, idir bheag agus mhór; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21257/96]
Tá sé i gceist freagra a thabhairt ar Cheisteanna Uimh. 27, 30 agus 61 le chéile.
D'eascair na critéir ar baineadh úsáid astu i roghnú na scoileanna i gceantair faoi mhí-bhuntáise i dtionscnamh "Breaking the Cycle" as taighde a rinne an Foras Taighde ar Oideachas tar éis dóibh réimse leathan táscairí a mheá. Freisin, riaraigh an foras an próiseas trínar aithníodh scoileanna an tionscnaimh.
I dtaca le gné tuaithe an tionscnaimh de, mhol an Foras Taighde go ndíreofaí na hacmhainní ar ghrúpaí scoileanna le fóirne níos lú ná cúigear oide a bheadh comhgarach go leor dá chéile chun comhaobriú lena chéile agus chun go bhfreastalódh comhordaitheoir amháin ar a riachtanais go héifeachtach. Ní fhéadfaí na scoileanna a luann an Teachta a chur san áireamh ar bhonn na gcritéar seo.
Tá tacaíocht shainiúil do riachtanais scoileanna tuaithe i gceantair faoi mhí-bhuntáiste sa raon acmhainní atá á chur ar fáil do na scoileanna sa ghné seo den tionscnamh. Cheap an bhuíon oibre san Fhoras Taighde an raon acmhainní tar éis dóibh mion-staidéar a dhéanamh ar mhí-bhuntáiste oideachasúil mar a shonraítear i gceantair tuaithe é. I gcomhthéacs na hachmhainní a bhí ar fáil don dá ghné den tionscnamh seo chun timthriail an mhí-bhuntáiste a bhriseadh agus ag cur méid na scoileanna tuaithe a bhí i gceist san áireamh, beartaíodh nach gcuirfí an cóimheas múinteoirí is daltaí 1:15 i bhfeidhm i gcás na scoileanna tuaithe.