Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 4-7 le chéile.
Leagann Tuarascáil an Choiste Idir-Ranna um Fhorbairt Oileán straitéis fhadtréimhseach amach maidir le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na n-oileán amach ón gcósta. Is laistigh den chreatlach seo is féidir le Ranna Rialtais agus áisíneachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe reatha maidir lena n-éifeacht ar na hoileáin, agus sainriachtanais phobal na n-oileán a chur san áireamh nuair atá polasaithe nua i gceist. Tá ról lárnach ag an gCoiste Idir-Ranna i gcomhordú an phróiséis seo agus i ndíriú ar cheisteanna a bhaineann leis na hoileáin.
Tá dul chun cinn déanta i líon áirithe réimsí ó foilsíodh an Tuarascáil i mí Feabhra na bliana seo. Ón uair sin i leith bhí an-chuid cruinnithe agam le pobail oileánda agus tá cuairteanna tugtha agam ar na hoileáin chun go bhfeicfinn dom féin na deachractaí a bhíonn acu ó lá go lá. Dá bhrí sin tá mé láneolach ar na ceisteanna seo agus tá mé sásta gurb í an stráitéis atá leagtha amach sa Tuarascáil an cur chuige is fearr chun inmharthanacht fhadtréimhseach a chinntiú do na hoileáin.
D'aithin an Tuarascáil rochtain idir na hoileáin agus an mhórthír mar an phríomhcheist gur chóir díriú uirthi i mbliana agus tá milliún punt breise curtha ar fáil i 1996 chun na críche seo amháin.
Mar thoradh ar an gcóras nua oibre atá i bhfeidhm, bunaithe ar mholtaí sa Tuarascáil, tá tograí rochtana roghnaithe agus curtha in ord tosaíochta ag Coistí Oileánda na nÚdarás Áitiúil atá i gceist. Go dtí seo, tá thart ar sé chéad míle punt ceadaithe agam do thograí práinneacha rochtana. Tá mé ag súil go mbeidh mé in ann a fhógairt go luath go bhfuil maoiniú breise ceadaithe chomh luath agus a chríochnaíonn an Coiste Idir-Ranna an obair mheasúnaithe.
Tá sé mar chuspóir agam iomlán an mhilliún punt a dháileadh roimh dheireadh na bliana má bhíonn tograí oiriúnacha ar fáil.
Ón uair gur seoladh an Tuarascáil tá roinnt eile moltaí tábháchtacha á gcur i bhfeidhm. Mar shampla:
(i) tá geallta ag an Roinn Oideachais go gcuirfear leas phobal na n-oileán san áireamh sna Boird Oideachais Réigiúnacha atá á moladh;
(ii) tá uasteorainn an tástáil maoine maidir leis an Deontas Lóistín do Cheantar Iargúlta méadaithe go suntasach i gcomhréir le deontais oideachais triú leibhéal;
(iii) tá gach ceann de na hÚdaráis Áitiúla ag cur plean oibre infrastruchtúir 3-5 bhliain le chéile do na hoileáin faoina gcúram;
(iv) tá na tearmaí tagartha do staidéar ar chur chuige straitéiseach maidir le forbairt turasóireachta na n-oileán á n-ullmhú i gcomhairle le Comhdháil Oileán na hÉireann; agus
(v) tá socraithe á bhforbairt chun seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar do na hoileáin trí úsáid theicneolaíocht an eolais.
Bíonn teagmháil rialta idir mo Roinn agus Comhdháil Oileán na hÉireann. Bhí an cruinniú is déanaí agam le hionadaithe na Comhdhála ar an gceathrú lá déag de mhí na Samhna agus phléamar roinnt ceisteanna a bhaineann le pobail na n-oileán. Orthu seo bhí dáileadh an mhilliún punt do sheirbhísí rochtana, oibriú an chórais a leagtar síos sa tuarascáil trína n-aithnítear tograí tosaíochta ag an leibhéal áitiúil agus phléamar freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le tograí áirithe. Tá an Rialtas lándíograiseach maidir le stráitéis oileánda agus maidir le cinntiú go dtagann comhoibriú agus tacaíocht iomlán ó na Ranna Rialais agus na háisíneachtaí atá i gceist chun leanúint ar aghaidh ag tabhairt feidhme do mholtaí na Tuarascála.