Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 1996

Vol. 472 No. 3

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Éamon Ó Cuív

Question:

100 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas le Cumann Peile Bhaile Chláir, Contae na Gaillimhe. [23259/96]

Faoi mar a chuir mé in iúl mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 61 ar 8 Deireadh Fómhair cheadaigh mé deontas £10,000 anuraidh mar chabhair chun seomraí feistis agus seomra cruinnithe a thógáil ag Páirc Imeartha Bhaile Chláir agus tá tráthchuid de £5,000 den deontas sin íoctha cheana féin. Tá iarratas ar thráthcuid eile den deontais á mheas ag mo Roinnse faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith go luath.

Bhí moill ar phroiseáil chuid de na h-iarratais (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc nach raibh seirbhís chigireachta ag mo Roinnse i nGaeltacht na Gaillimhe ón am a ndeachaigh Cigire Uachtarach Tithe ar shos gairme i rith an tsamhraidh. Bhí cainteanna ar siúl le tamall leis an bhfoireann sheachtrach tithíochta agus lena gceardchumann d'fhonn teacht ar réiteach faoi athstruchtúrú ginearálta ar an bhfoireann sin agus is cúis sásaimh dom go bhfuil an cheist réitithe anois.

Top
Share