Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 Dec 1996

Vol. 473 No. 1

Written Answers. - Leathnuchán Scoile.

Éamon Ó Cuív

Question:

259 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Scoil na Tulaí, i mBaile na hAbhann, Conamara, Contae na Gaillimhe, ar leathnúchán a chur ar an scoil mar go bhfuil na seomraí réamh-dhéanta atá in úsáid ag an scoil faoi láthair lofa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24630/96]

Tá scéim togála do Scoil na Tulaí, i mBaile na hAbhann, Conamara, i gclár caipiteal mo roinne.

Tá na doiciméid réidh chun tairiscintí a lorg. Déanfar cinneadh faoin bpróiséas tairisceanna/ conartha i gcomhthéacs an mhéid airgid a mbeidh ar fáil i 1997.

Top
Share