Robert Molloy
Question:42 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Sláinte an bhfuil a fhios aige gur dhiúltaigh Bord Sláinte an Iarthair cathaoir rothaí speisialta a chur ar fáil do dhuine (sonrai tugtha) i gContae na Gaillimhe; an ndéanfaidh sé fiosrú faoin gcás; an gcuirfidh sé in iúl an mbeadh a Roinn fhéin sásta teacht i gcabhair ar dhuine (sonrai tugtha) ionas go bhféadfadh sé an chathaoir rothaí speisialta seo a fháil ó Bhord Sláinte an Iarthair mar atá ar fáil ó Bhord Sláinte an Oirthir dóibhsiúd a bhfuil an tinneas céanna orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24292/96]