Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jan 1997

Vol. 473 No. 4

Written Answers. - Páirc Ros a' Mhíl.

Éamon Ó Cuív

Question:

210 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Choiste na Páirce, Ros a' Mhíl, Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, ar dheontas le forbairt a dhéanamh ar pháirc péile i Ros a Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1183/97]

Tá iarratas ó Choiste na Páirce Ros a' Mhíl ar dheontas mar chabhair chun Páirc Imeartha Ros a' Mhíl a fhorbairt á mheas ag mo Roinnse. Le déanaí iarradh ar an gcoiste sonraí breise a chur ar fáil i dtaca leis an iarratas agus breithneofar an cás tuilleadh nuair a gheofar na sonraí sin uathu.

Top
Share