Éamon Ó Cuív
Question:329 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil iarratas aici ó Scoil na hAirde Móire, ar fheabhas a chur ar an scoil sin nó ar scoil nua a thógáil; má tá, cén dul chun cinn atá déanta leis an iarratas agus cén uair a mheastar go dtabharfar cead d'Údaráis na scoile tosú ag tógail; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1115/97]