Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jan 1997

Vol. 473 No. 4

Written Answers. - Sárú Chinniúint an Mhí-Bhuntáiste.

Éamon Ó Cuív

Question:

338 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist stádas mar scoil faoi mhí-bhuntáiste a thabhairt do Scoil Mhuire, An Tuairín, Béal an Daingin, Contae na Gaillimhe, uimhir rolla 11261, ó tharla go bhfuil an stádas seo cheana fhéin ag na scoileanna eile sa gceantair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1161/97]

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don tionscnamh, "Sárú Chinniúint an Mhí-Bhuntáiste" nó "Breaking the Cycle". Tá sé de chuspóir ag an tionscnamh seo, cláir speisialta tacaíochta a fheidhmiú i scoileanna cathrach agus tuaithe, scoileanna ar deineadh iad a aithint mar scoileanna atá lonnaithe i gceantair atá go mór faoi mhí-bhuntáiste.

Bunaíodh an tionscnamh de thoradh ghrinnstaidéir agus taighde a rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine agus an Foras Taighde ar Oideachas i leith an mhí-bhuntáiste oideachasúil. Mhol cinneadh amháin a d'éirigh as an taighde go ndéileálfaí leis an mhí-bhuntáiste ar bhonn níos dlúithe agus níos pointeáilte, sé sin go ndéanfaí acmhainní a dhíriú i dtreo na gceantar atá go mór faoi mhí-bhuntáiste. Dé réir torthaí an taighde freisin, níor cheart go dtabharfaí tacaíocht i leith an mhí-bhuntáiste oideachasúil ach do 16 faoin gcéad d'aos scoile na tíre. Ina leith seo tagraíodh go bhfuil an Scéim faoi Mhí-Bhuntáiste ag freastal faoi láthair ar 17 faoin gcéad de dhaltaí na tíre.
Rinne an Foras Taighde ar Oideachas dian-scrúdú ar tháscairí a bhaineann leis an mhí bhuntáiste oideachasúil. Ba é an t-Ionad a cheap na critéir faoinar roghnaíodh na scoileanna don tionscnamh, Breaking the Cycle agus a rinne an próiseas roghnúcháin féin a riaradh.
Maidir leis an ghné tuaithe den tionscnamh mheas an Foras Taighde ar Oideachas go mba cheart díriú ar scoileanna i gceantair tuaithe a bhfuil níos lú ná cúigear oide iontu, a dhéanann freastal ar dhaonraí scaipthe agus a bhfuil líon suntasach de dhaltaí iontu a bhféadfadh baol a bheith ann ina leith nach n-éireodh leo sa chóras oideachais de réir a gcumais.
Is oth liom nach bhfuil an scoil a ndéanann an Teachta tagairt di i dteideal, ó thaobh méid foirne de agus ó thaobh rollaíochta de, iarratas a chur isteach ar bheith páirteach sa tionscnamh nua seo.
Top
Share