Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jan 1997

Vol. 473 No. 4

Written Answers. - Banc Ceannais Eorpach.

Éamon Ó Cuív

Question:

113 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais an féidir leis a dhearbhú gurb í an Ghaeilge a bheidh in úsáid mar theanga náisiúnta ar na nótaí agus na boinn Euro a bheidh á eisiúint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1160/97]

Sanntar leis an gConradh ar an Aontas Eorpach don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), atá le cur ar bun i 1998, an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc "euro" a údarú. De réir reacht an BCE ní mór dó, a mhéad is féidir, cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus dearadh nótaí bainc a urramú. Tá a réamhtheachtaí, an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (an IEA), freagrach as a n-ullmhúchán teicniúil a mhaoirseacht.

Tar éis comórtais deartha, an 13 Nollaig 1996, sheol an IEA i mBaile Átha Cliath agus i Frank-furt na dearaí a roghnaigh sí do na nótaí bainc "euro". Molfaidh an IEA don BCE go nglacfar leis na dearaí sin. Áiritear sna dearaí an focal "euro"— is é sin, ainm an airgeadra — in aibítrí na Laidine agus na Gréigise araon; inisealacha an údaráis eisiúna, an BCE, i gcúig mhalairt leagain, BCE, ECB, EZB, EKT, EKP; agus síniú Uachtarán an BCE. Freagraíonn an chéad cheann de na malairtí leagain seo d'inisealacha an BCE sa Ghaeilge. Níor chinn an IEA go fóill an molfaidh sí don BCE gur chóir don fhoras deiridh sin gné náisiúnta a áireamh ar na nótaí.

Foráiltear sa Chonradh go bhféadfaidh na Ballstáit monaí a eisiúint faoi réir cheadú ón BCE maidir le méid na heisiúna, agus tugtar cumhacht do Chomhairle na nAirí Geilleagair agus Airgeadais (ECOFIN) bearta a ghlacadh chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí go léir le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den limistéar "euro" a cheadú. Tá ECOFIN tar éis a chinneadh gur chóir go mbeadh spás substaintiúil ar aghaidh amháin de chuid gach mona le haghaidh gnéithe suaithinseacha náisiúnta; táimse tar éis a chinneadh go leanfar den chláirseach a bheith mar ghné náisiúnta na hÉireann.

Comhaghaidh a bheidh san aghaidh eile agus tá comórtas ar siúl maidir lena dearadh. Luafar ar an gcomhaghaidh luach na monaí sa chaoi chéanna ar fud an Aontais; agus beidh "euro" nó "cent"— gan infhilleadh don uimhir iolra — mar ainm orthu. Níl aon chinneadh déanta i dtaca le haon litreoireacht eile a bheith nó gan a bheith ar na monaí. Ar ndóigh níor mhór d'aon chinneadh den sórt sin srianta teicniúla atá ag eascairt as toisí teoranta na monaí a chur san áireamh.

Top
Share