d'Aire na Mara an bhfuil i gceist aige airgead a chur af fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, le obair i leith creimeadh cósta a dhéanamh i 1997 agus má tá, an mbeidh Inis Meáin san áireamdh sna h-iarratais a bheidh á meas don airgead seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3993/97]
Written Answers. - Chlár Oibre.
142. D'fhiafraigh
Níl socraithe agam fós ar chlár oibre na bliana seo d'fhonn cur in aghaidh creimeadh cósta. Ó tharlaíonn nach bhfuil Inis Meáin ar an liosta a sheol Comhairle Contae na Gaillimhe chugam den cheithre shuíomh ba phráinní, dar leo, sa chontae le haghaidh oibreacha cosanta chósta, is ar éigin a bheidh se faoi chaibidil agam ag cinneadh clár na bliana.
Cé nach bhfuil ach £5.2 milliún ar fáil don tír uilig don tréimhse 1994-1999 tugadh faoi trí chinn des na bearnai baoil i gContae na Gaillimhe cheana féin faoin gClár Oibre i leith Seirbhísí Chomhshaoil.