Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Feb 1997

Vol. 475 No. 2

Written Answers. - Special Protection Areas.

Trevor Sargent

Question:

79 Mr. Sargent asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht further to Parliamentary Question No. 87 of 10 December 1996 by Deputy Mr. Sargent, the outcome of the European Commission review of Article 169, notification relating to SPAs. [4712/97]

I understand the review referred to by the Deputy is still being considered by the EU Commission. My Department has not received any communication from the Commission regarding the review.

Trevor Sargent

Question:

80 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé mar Aire chun muintir na tíre a mhealladh i dtreo labhairt agus léamh na Gaeilge agus cad iad na cuspóirí i leith na Gaeilge gur féidir leis iad a chomhlíonadh go réadúil atá os a chomhair amach. [4716/97]

Is í aidhm mo Roinne-se i leith chur chun cinn na Gaeilge ná an Ghaeilge a bhuanú mar ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht, a húsáid a leathadh sa chuid eile den tír agus gach dícheall a dhéanamh, i gcomhar le Bord na Gaeilge, chun go mbeidh seirbhisí Stáit d'ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus las muigh di. Is rud deacair casta é nósmhaireacht teanga a athrú, agus, cé go bhfuil ról lárnach ag an Stát i gcur chun cinn an dátheangachais, ní féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh gan comhoibriú an phobail. Is próiseas fadtréimhseach é agus ní féidir a bheith ag súil le torthaí go tapaidh. Ní hionann é sin agus a rá nach féidir an aidhm sin a bhaint amach nó nach bhfuil sí réadúil.

Aithníonn an Clár Rialtas chun Athnuachana tábhacht na Gaeilge dúinne mar phobal agus cé chomh riachtanach is atá sé go mbeadh an Stát chun tosaigh i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na teanga.

Chuige sin, tá beartas an Rialtais i leith an dátheangachais dírithe go príomha ar fheabhas a chur ar an teacht ar sheirbhísí go dátheangach ón earnáil phoiblí agus tá sé mar aidhm go mbeidh seirbhísí trí Ghaeilge d'ardchaighdeán ar fáil gan stró ón earnáil phoiblí do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge.

Tá iniúchadh déanta ag Bord na Gaeilge ar chur i bhfeidhm na dTreoirlínte trí cheistneoir a ullmhaíodh i gcomhairle leis an bhForas Riaracháin agus a scaipeadh ar Ranna Stáit agus ar Eagrais Stáit le líonadh. D'fhoilsigh Bord na Gaeilge tuarascáil i mí na Nollag anuraidh bunaithe ar anailís ar fhreagairt an cheistneora sin a léiríonn, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe á dhéanamh go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht agus in úsáid staiseanóireachta lán-dátheangach, nach leor an dul chun cinn atá á dhéanamh. Caithfidh an earnáil phoiblí i gcoitinne cur go mór leis na hiarrachtaí atá ar bun cheana féin chun cur leis an teacht atá ar sheirbhísí go dátheangach. Caithfidh Rúnaithe Ranna agus Príomhfheidmeannaigh na n-eagras Stáit athscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist sna Treoracha agus sna Treoirlínte agus féachaint chuige go dtosnófar ag feidhmiú dá réir. Scríobh mé chuig gach Aire arís an mhí seo caite ag iarraidh orthu iarracht speisialta a dhéanamh chun a gcearta teanga a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Tá dul chun cinn de réir a chéile á dhéanamh maidir leis an nGaeilge a leathadh sa phobal. Maidir le húsáid na Gaeilge sa phobal i gcoitinne is é Bord na Gaeilge an bord stáit a bunaíodh chun an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an mBord chun na críche sin. I measc na n-iarrachtaí sin tá an Bord i mbun:

—teagmhálacha leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil sin;

—úsáid na Gaeilge a chothú sna healaíona agus i bhforbairt phobail — mar shampla, Amharchlann de hIde; agus Coillte Mach, an Baile Dátheangach;

—tacaíocht do thograí chun an Ghaeilge a chur chun cinn — ar nós Comórtas Glór na nGael, féilte agus ócáidí; —feachtais réigiúnacha i gceithre ionad ar leith chun an Ghaeilge a leathadh; agus
—feachtas fógraíochta ina raibh áit lárnach ag Michelle Smith, a chuir bród orainn uile lena tacaíocht phearsanta don Ghaeilge.
Maidir le mo Roinn féin cuirtear cúnamh leanúnch ar fáil do na hEagrais Dheonacha Gaeilge mar chabhair dóibh chun a n-imeachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge sa phobal a chur chun cinn. Anuas ar chúnamh do na heagrais sheanbhunaithe ar nós Chonradh na Gaeilge, an tOireachtas, Gael-Linn agus mar sin de tá cúnamh á thabhairt d'eagrais nua ar nós Gaillimh le Gaeilge, Tiobraid Árann ag Labhairt, Mhuintir Chrónáin agus mar sin de. Bíonn cúnamh leanúach le fáil ó mo Roinnse freisin trí Bhord na Leabhar Gaeilge don fhoilsitheoireacht i nGaeilge. Chomh maith leis sin tá scéimeanna ag mo Roinn d'fhonn an Ghaeilge a bhuanú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht.
Is comhartha é bunú Theilifís na Gaeilge de na hiarrachtaí atá ar bun chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Is fianaise í bunú na seirbhíse nua sin go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil sé de cheart ag daoine, a roghnaíonn an Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil, teacht a bheith acu, sa teanga sin, ar earnáil chraoltóireachta theilifíse.
Maidir le léamh na Gaeilge a spreagadh tá cúnamh substaintiúil leanúnach le fáil ó mo Roinnse trí Bhord na Leabhar Gaeilge don fhoilsitheoireacht i nGaeilge. Tá athbhreithniú bunúsach le déanamh ag an mBord ar Scéim Bhord na Leabhar Gaeilge maidir lena chumas chun leabhair thaitneamhacha shuimiúla i nGaeilge (nach leabhair scoile iad) a chur ar fáil do phobal léitheoireacht na Gaeilge agus tá tuairimí lucht léite, na ndáileoirí, na bhfoilsitheoirí agus na n-údar le cur san áireamh san athbhreithniú sin. Tá nuachtán nua GaeilgeFoinse á fhoilsiú ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite le cúnamh ó Bhord na Gaeilge agus anuas ar sin tá cúnamh leanúnach á chur fáil ag an mBord mar chabhair chun tréimhseachán Ghaeilge a fhoilsiú.
Bhunaigh mé Coimisiún chun Ról na nEagras Deonach Gaeilge a scrúdú agus tá tuarascáil an Choimisiúin sin i.e., TREO 2000, díreach foilsithe. Beidh moltaí na tuarascála sin le breithniú go cúramach.
Ar ndóigh, is gá go nglacfadh an pobal féin páirt níos mó ná mar atá á glacadh aige i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá bá iontach ag pobal na tíre don Ghaeilge ach ní leor a bá amháin. Caithfimid uile iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh lá i ndiaidh lae chun feidhm a bhaint as an méid Gaeilge atá againn cibé chomh meirgeach is atá an Ghaeilge sin. Ní thig leis an Stát ná le pobal na Gaeilge féin an t-ualach ar fad a iompar. Tá cúnamh ón mórphobal de dhíth freisin.
Is deacair an dul chun cinn atá déanta a thomhas ó ceapadh mé mar Aire a bhfuil cúram air i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ach, ar a laghad, tá na bunchlocha leagtha síos agam chun tógáil orthu. Is dóigh liom go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta le linn mo thréimhse mar Aire maidir leis an nGaeilge a chur chun tosaigh mar ábhar machnaimh agus díospóireachta. Tá dóchas agam — ach cur chuige le fuinneamh agus le díograis — go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh de réir a chéile maidir leis an dátheangachas a chur i réim, seirbhísí Stáit a bheith ar fáil ar bhonn níos leithne trí Ghaeilge agus an teanga féin a bhuanú sa Ghaeltacht.
Top
Share