Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Other Questions. - Treo 2000.

Mary Harney

Question:

6 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé le príomh-mholadh Treo 2000 go mbunófaí An Chomhairle Gaeilge agus go mbeadh seo freagrach as gach earnáil agus gach cúram teanga, as maoiniú agus stiúradh ginearálta polasaí i réimsí uile na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4703/97]

Helen Keogh

Question:

44 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé le príomh-mholadh Treo 2000 go ndéanfaí maoiniú ar na hEagrais Dheonacha Gaeilge ar bhonn tograí agus go mbeadh ar na heagrais spriocanna cinnte a leagadh amach agus costasú a bheith déanta orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4702/97]

Tógfaidh mé Ceist 6 agus Ceist 44 le chéile. Faoi mar atá curtha in iúl agam mar fhreagra ar Cheist Tosaíochta Uimh 3, tá tréimhse thrí mhí á tabhairt agam do na hEagrais Dheonacha Ghaeilge, do Bhord na Gaeilge agus don phobal i gcoitinne chun a gcuid tuairimí faoi mholtaí na tuarascála (ar a n-áirítear an dá mholadh is ábhar do na Ceisteanna ó na Teachtaí) a chur in iúl dom. Idir an dá linn beidh moltaí an Choimisiúin á scrúdú ag mo Roinnse chomh fada is a bhaineann siad léi.

I apologise to the Minister because the regulations I referred to in respect of dealing with other questions applies to priority questions only.

In the same philosophical spirit, may we regard Question No. 44 as having been taken with Question No. 6?

Yes, in this instance.

Top
Share