Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Feb 1997

Vol. 475 No. 5

Written Answers - Scéim Deontas Áiteanna Iargúlta.

Éamon Ó Cuív

Question:

13 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici cúnamh a chur ar fáil le híoc as costais taistil scoláirí dara leibhéal ó na hOileáin, le dul abhaile gach deireadh seachtaine ó tharla nach mbíonn na scoileanna cónaithe ag coinneáil scoláirí ag deireadh seachtainí níos mó, agus ó tharla an costas mór a bhaineann le taisteal chuig Oileáin gach deireadh seachtaine, agus ó tharla go bhfuil saor-oideachas dara leibhéal geallta do chuile scoláire, taisteal san áireamh de réir mar is gá; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2414/97]

Robert Molloy

Question:

37 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aici go bhfuil costas an-ard taistil chuig na meánscoileanna ar dhaltaí ó Inis Meáin, Árainn, Contae na Gaillimhe agus an gcuirfeadh sí saorthaisteal ar fáil do na daltaí seo gach deireadh seachtaine; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1578/97]

Éamon Ó Cuív

Question:

66 Éamon Ó Cuív asked the Minister for Education whether she intends to abolish the means test for the remote areas grants in view of the small number of students involved to ensure that children living in remote areas, particularly the islands, have the same opportunity for free secondary education as those living on the mainland; and if she will make a statement on the matter. [2000/97]

Is mian liom Ceisteanna Uimh. 13, 37 agus 66 a ghlacadh le chéile.

Sa Scéim Deontas Áiteanna Iargúlta tá soláthar déanta maidir le híocaíocht deontas i leith daltaí atá lasmuigh de raon na seirbhísí iompair go scoileanna dara-leibhéal sa chóras saoroideachais. Tá deontaisí fháil ag céad fiche is a dó daltaí faoin scéim, ina measc sin tá céad agus a trí déag ina gcónaí ar oiléain.
Bhí costas i leith fáil a bheith ag áitritheoirí oileán amach ón gcladach ar sheirbhísí oideachasúla á bhreithniú ag Coiste Idir-Ranna.
Chuir an Coiste a thuairisc ar fáil i bFeabhra 1996. Níor mhol an Tuairisc go gcuirfí deireadh leis an dtriail acmhainne maidir leis an Deontas Lóistín i leith Áiteanna Íargulta. Níor mhol sé, ach oiread, go ndéanfaí aon íocaíocht i leith costas taistil. Mhol sé, áfach, go méadófaí an teorainn ioncaim don triail acmhainne i gcomhréir leis na teorainneacha do dheontais don tríú leibhéal.
I ndiaidh do Thuairisc an Choiste a bheith glactha ag an Rialtas, d'ardaigh mé an teorainn ioncaim ó naoi míle trí chéad seasca punt go seacht míle déag ceithre chéad seasca punt. De thoradh an mhórmhéadú seo tá nócha faoin gcéad de na faighteoirí i dteideal deontas méadaithe a fháil.
Níl sé beartaithe agam ag an dtráth seo tuilleadh leasúcháin a dhéanamh ar an scéim.
Top
Share