Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Feb 1997

Vol. 475 No. 5

Written Answers - Cúrsaí Inseirbhíse.

Trevor Sargent

Question:

29 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an gcuirfidh sí ar bun cúrsaí inseirbhíse breise i gcomhar leis an eagraíocht Gaelscoileanna chun go mbeidh múinteoirí leis na scoileanna a oireann don Ghaelscolaíocht ach go haírithe ar fáil de bharr go bhfuil méid na scoileanna seo ag fás go tapaidh ar fud na tíre. [5211/97]

Ullmhaíonn an oiliúint a fhaigheann daoine a bhaineann amach cáilíochtaí mar mhúinteoirí bunscoile iad chun gach ábhar a mhúineadh i ngach bunscoil, Gaelscoileanna san áireamh.

Chuir an tAonad Forbartha Inghairme i mo Roinnse cabhair airgid ar fáil cheana féin do Ghaelscoileanna d'fhonn cur ar a gcumas roinnt cúrsaí inseirbhíse a chur ar fáil do mhúinteoirí. Ina theannta sin, chuir an tAonad in iúl do Ghaelscoileanna go mbeadh sé sásta scrúdú a dhéanamh ar aon tairiscintí eile a gheofaí ón eagraíocht le haghaidh oiliúint inseirbhíse.

Chomh maith leis sin soláthraíonn mo Roinnse cabhair airgid le haghaidh réimse cúrsaí faoin gceannteideal ginearálta "Gaeilge" mar chuid de chlár na gcúrsaí samhraidh gach bliain.

Mar fhocail scoir, cuirtear cúrsaí inseirbhíse san ábhar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta ar fáil d'fhoirne teagaisc scoileanna Lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Ullmhaíonn an oiliuint a fhaigheann daoine a bhaineann amach cáilíochtaí mar mhúinteoirí bunscoile iad chun múineadh i ngach bunscoil, gaelscoileanna san áireamh.
Bheadh mo Roinn sásta scrúdú a dhéanamh ar thairiscintí ó ionadaithe na múinteoirí Gaelscoileanna le haghaidh oiliúint inseirbhíse. Cuireadh sin in iúl ag cruinniú tamall ó shin.
Top
Share