Limerick East): Mar atá a fhios ag an Teachta, tá soláthar aireachais fad-téarmaigh do dhaoine aosta ar Inis Mór mar chúram ar Bhórd Sláinte an Iarthair.
Tuigim ón mbórd sláinte nach bhfuil aon phlean láithreach acu chun lóistín leasa/fad téarmach a sholáthar ar na hOileáin Arainn ach tá gá sonraithe acu le hionad a fhorbairt ar Inis Mór ina mbeadh aireachas lae agus faoisimh do dhaoine aosta agus b'fhéidir saoráidí lae do dhaoine le galar meabhair.
Sula dtugtar ceadú d'fhorbairt den tsaghas seo, áfach, ní foláir dom cur san áireamh na cistí caipitil atá ar fáil do mo Roinn, na tionscnaimh éagsúla sna bóird sláinte is na scéimeanna is tábhachtaí atá socraithe laistigh de Bhórd Sláinte an Iarthair féin.