Éamon Ó Cuív
Question:87 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte an bhfuil sé sásta cead a thabhairt do Bhord Sláinte an Iarthair Oifigeach Leasa Pobail lán-aimsireach a cheapadh d'Oileáin Árann; agus go n-íocfar liúntas Oileánda leis an duine sin, de bharr go bhfuil ar an Oifigeach Leasa Pobail freastal ar thrí Oileán éagsúlá agus dul le haghaidh traenála ar an mór-thír, agus de bharr líon na gcuairteoirí a théann go hÁrainn gach bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6832/97]