Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Mar 1997

Vol. 476 No. 7

Written Answers. - Scoil an Chnoic (Contae na Gaillimhe) Leitir Mealláin.

Éamon Ó Cuív

Question:

295 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist an dara hoide a cheapadh i Scoil an Chnoic, Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe, ó tharla go bhfuil naoi ngasúr déag sa scoil agus ó tharla go bhfuil stádas faoi mhí-bhuntáiste ag an scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8331/97]

Braitheann líon na n-oidí atá ceadaithe ar fhoireann teagaisc scoile náisiúnta ar an uimhir dhaltaí a bhí ar rollaí na scoile ar 30ú Méan Fómhair don bhliain roimhe sin.

Níl cinneadh cinnte déanta go fóill maidir le líon na n-oidí a aithneofar ar fhoirne scoileanna náisiúnta sa scoilbhliain 1997-8. Meastar áfach go ndéanfar cinneadh cinnte go luath.

Top
Share