Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Other Questions. - Tithe Gaeltachta.

Éamon Ó Cuív

Question:

14 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige cúram iomlán maidir le ceadú agus íoc deontaisí tithe nua sa nGaeltacht a chur faoina Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8817/97]

Is faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a cheadaíonn mo Roinnse deontais le haghaidh tithe nua d'iarratasóirí cáilithe sa Ghaeltacht. Is í an Roinn Comhshaoil a cheadaíonn deontais le haghaidh tithe nua do dhaoine nach bhfuil cáilithe sa Ghaeltacht faoi na hAchtanna sin. Tá difríochtaí suntasacha idir an dá scéim, mar shampla, coinníoll na Gaeilge agus uasteora achair tí ag an Roinn Comhshaoil.

Níl sé i gceist san am i láthair an cúram iomlán maidir le ceadú agus íoc deontais le haghaidh tithe nua sa Ghaeltacht a aistriú go dtí mo Roinnse.

Bíonn comhoibriú leanúnach idir oifigigh mo Roinnse agus oifigigh an Roinn Comhshaoil maidir leis an dá scéim. Mar shampla, sa chás go mbíonn ar mo Roinnse iarratas tógála a dhiúltiú de bharr easpa Gaeilge nó gnáthchónaí sa Ghaeltacht, cuirtear foirm iarratais agus leathán eolais na Roinne Comhshaoil go dtí an iarratasóir.

Táthar i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar an gcomhoibriú idir an dá Roinn.

An nglacfadh an tAire Stáit leis go bhfuil go leor teaghlaigh sa Ghaeltacht inniu go bhfuil Gaeilge ag duine amháin agus Béarla ag an duine eile? Agus gur bocht an scéil é go bhfuil oifigigh ón Roinn Comhshaoil ag dul thart gan aon Ghaeilge acu ag plé leis na teaghlaigh seo. Nach mbeadh sé i bhfad níos réasúnta go riaradh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na deontais tithe do na tithe ar fad sa nGaeltacht agus an deontas laghdaithe a íoc leo siúd nach gcomhlíonann coinníoll na Gaeilge agus an deontas iomlán leo siúd a bhfuil sé ar a gcumas an choinníoll sin a chomhlíonadh go hiomlán?

Tá an Teachta ag lorg aithbhreithniú ar na treoirlínte. Nuair a fuair mé an cheist uaidh, níor lorg mé an t-eolas sin ó na baill sa Roinn. Beidh mé sásta an t-eolas sin a fháil go cruinn. B'fhéidir go bhfuil aithbhreithniú riachtanach.

Tuigimse na fadhbanna a chuirtear i mbealach an Aire leis an gceann seo. Ní dóigh liom go bhfuil na rialacha mar atá siad ag réiteach na bhfadhbanna i bhfíorshaol na Gaeltachta i láthair na huaire. An bhféadfadh Roinn an Aire Stáit feidhmiú mar ghníomhaire sa nGaeltachta don Roinn Comhshaoil maidir le deontais na Roinne sin? Sa chaoi sin bheadh Gaeilge ag na cigirí atá ag dul thart agus nuair a thiocfadh an deontas do labhairt na Gaeilge i gceist ar ball, cigire amháin a bheadh ag déileáil leis. An bhfuil fadhb ag Roinn amháin feidhmiú mar ghníomhaire do Roinn eile?

Mar go bhfuil dhá Roinn i gceist, is deacair dom freagra cinnte a thabhairt ag an bpointe seo. Beidh ceisteanna den sórt seo i measc na gceisteanna a bheidh le scrúdú mar chuid den phróiséas Tionscnamh um Bhainistíocht Straitéiseach — SMI — atá idir láimhe faoi láthair. Ar ndóigh is i gcomhairle leis an Roinn Chomhshaoil a bheidh a leithéid de cheist le scrúdú.

Top
Share