Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Other Questions. - Deontais Choláistí Gaeilge.

Michael McDowell

Question:

17 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phleananna aige chun cabhair speisialta a chur ar fáil do pháistí ó theaghlaigh ar bheagán airgid chun cabhrú leo freastal ar choláistí Gaeilge. [9003/97]

Liz O'Donnell

Question:

33 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phleananna aige chun cabhair speisialta a chur ar fáil do pháistí ó theaghlaigh ar bheagán airgid chun cabhrú leo freastal ar choláistí Gaeilge. [9004/97]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 17 agus 33 le chéile.

Íocann mo Roinnse deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas, le linn dóibh a bheith ag freastal ar chúrsaí aitheanta sna coláistí Gaeilge samhraidh sa Ghaeltacht. Cabhraíonn an deontas seo go mór chun na táillí a ghearrann na coláistí ar thuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí a choimeád chomh híseal agus is féidir.

Sa bhliain 1995 rinneadh méadú substaintiúil ar an deontas ó £3.50 go dtí £4 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae agus níl sé i gceist agam cur leis an gcabhair sin, a chosnaíonn beagnach £2 milliún in aghaidh na bliana, ag an bpointe seo.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil dóthain déanta ag an Ríaltas chun cúnamh speisíalta a thabhairt do leanaí óga ó theaghlaigh ar bheagán airgid chun freastal ar choláistí samhraidh? Muna bhfuil, an bhfuil aon scéim nua á beartú ag an Ríaltas chun cabhrú lena leithéid de leanaí?

Tá dul chun cinn mór déanta ag an scéim atá ann i láthair na huaire. Bhí 18,725 dalta ag freastal ar an scéim i 1990 agus 22,580 dalta ag freastal air i 1996. Táim sásta go bhfuil sé ag obair go líofa.

Is dóigh liom nár thuig an t-Aire an cheist. Tá a fhios againn go bhfuil 18,000 gasúr ag dul chuig na Gaeltachta chuile bhliain agus go dtugann an Roinn cúnamh do chuile gasúr a théann go dtí an Ghaeltacht. Ach duine ar bith a bhíonn ag plé le coláistí Gaeilge, tuigeann go dtagann bunáite na ngasúr a théann go dtí an Ghaeltacht as teaghlaigh meán-aicmeach nó níos airde. An bhfuil i gceist cúnamh faoi leith a thabhairt do ghasúir ó theaghlaigh ar bheagán airgid ag dul go dtí an Ghaeltacht?

Fadó, nuair a thosaigh an scéim seo, bhí coiste na bpáistí ann ag na ceardchumainn agus cuireadh deireadh leis sin. Faraor gurb ag na páirtithe polaitíochta a chuirtear an t-airgead anois agus ní chun gasúir a chur chun na Gaeltachta. Bíodh sin mar atá.

Bhíodh na coistí gairmoideachais ag cur roinnt gasúr go dtí na Gaeltachtaí ach le blianta beaga tá titim air sin. An mbeadh an tAire i bhfábhar airgead speisialta a chur ar fáil, b'fhéidir tríd na coistí gairmoideachais, le cúnamh speisialta a thabhairt do ghasúir nach bhfuil £200 nó £300 acu le dul go dtí na Gaeltachta: ciste mar sin a chur ar fáil chun na críche seo?

Sin ceist don Roinn Oideachais. Iarrfaidh mise ar an Aire Oideachais ciste a chur chuig na coistí gairmoideachais chun an chabhair sin a chur ar fáil do dhaoine bochta.

Le fada an lá, tá scrúdú á dhéanamh ag an dá Roinn ar cheist na gcoláistí Gaeilge. Ar cuireadh an cheist seo san áireamh sa staidéar sin?

Dhein an coiste sin scrúdú ar gach rud a bhaineann le cothú na Gaeilge. Tá an Roinn sásta go bhfuil dul chun cinn déanta faoin scéim atá ann i láthair na huaire agus níl aon mholtaí agam chun é a athrú.

Ní raibh mé anseo don bhfreagra ach glacaim leis go ndúirt an tAire nach raibh aon phleananna aige chuige seo agus mar sin an nglacfadh sé leis gurb é ceann de na rudaí ab fhiúntaí a fhéadfaí a dhéanamh ábaltacht i nGaeilge a thabhairt do pháistí trí sheans a thabhairt dóibh freastal ar choláiste samhraidh? Ní féidir le anchuid páistí a thagann ó teaghlaigh ar bheagán ioncaim úsáid a bhaint as na coláistí de bharr an chostais atá orthu. Dá mbeadh polasaí ceart ag an Rialtas, dhíreofaí ar na páistí sin ionas nach bhfágfaí as an áíreamh iad.

De réir m'eolais agus Comhchoiste Náisiúnta na gColáístí Samhraidh, tá scoláireachtaí le fáil ó eagrais éagsúla chun cuidiú le daltaí freastal ar choláistí samhraidh ar choinníollacha áirithe. Is iad na heagrais na Coiste Áitiúil Ghlór na nGael, coistí gairmoideachais, an Garda Síochána, na ceardchumainn, TEU. Mandate, Impact, Irish Print Union, AWEU, Siptu. Dar le Concas freisin, cuireann roinnt cumainn agus comhlachtaí áitiúla scoláireachtaí ar fáil dá mball.

Ar cuireadh an t-eolas ar fáil don Aire Stáit cé mhéad scoláireachtaí san iomlán atá i gceist anseo? Táimid ag caint ar 88,000 gasúr ag dul chun na Gaeltachta. Cé mhéad acu sin a théann ar scoláireacht?

Níl an t-eolas cruinn sin agam.

An nglacfadh an tAire Stáit leis go bhfui chuile sheans ann gur figiúir an-bheag atá i gceist?

Ní ghlacaim.

Níl an t-eolas ag an Aire.

Seo é an tarna uair gur chuir mé síos ceist den sórt seo agus níl sé sásúil nach eolas níos cruinne ag an Aire Stáit faoi Scéim na gColáistí Samhraidh. Nach fíor gur líon an-bheag páistí a bhaineann scoláireacht amach agus go bhfuil formhór na bpáistí ó theaghlaigh ar bheagán ioncaim gan a bheith in ann dul? Nílim ag iarraidh ar an Aire ach aontú liom; nílimid ag dul ar aghaidh más ar nós cuma liom atá na tAire faoi.

Níl eolas cruinn agam ina thaobh ach déanfaidh mé iarracht an t-eolas a fháil.

Written Answers follow Adjournment Debate.

Top
Share