Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Forbairt Thionscalra Turasóireachta.

Mary Coughlan

Question:

22 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige cúraimí turasóireachta sa nGaeltacht a chur faoi chúram Údaras na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8818/97]

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a tugadh ar 14 Márta 1996 ar Cheist Dála Uimh. 14 faoin ábhar seo inar dúradh go raibh ról aontaithe, ar scála teoranta, d'Údarás n a Gaeltachta i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta cultúrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht. Seasann an scéal mar sin i gcónaí.

Top
Share