Togfaidh mé Ceisteanna 3, 4 agus 5 le chéile.
Tá an conradh reatha cúig bliana don tseirbhís lasta/phaisinéirí, a oibríonn ó Chathair na Gaillimhe go hOileáin Árann, le hathnuachan ag deireadh Lúnasa na bliana seo. Faoi théarmaí an chonartha, d'fhéadfai síneadh cúig bliana a chur le tréimhse an chonartha reatha má aontaítear na téarmaí. Sa chás nach mian leis an gcomhlacht go gcuirfí síneadh leis an gconradh nó nach féidir teacht ar chomhaontú faoi théarmaí an chonartha nua, cuirfear an conradh ar thairiscint.
Tá cruinniú socraithe idir mo Roinn agus ion adaithe ó Chomharchumainn Árann don Aoine seo chugainn, an t-aonú lá déag d'Aibreán. Tá geallta ag na Comharchumainn go gcuirfidh siad mionsonraí ar fáil ar na ceisteanna a dteastaíonn uathu a phlé roimh an gcruinniú. Tuigtear dom go bhféadfadh todhchaí seirbhísí farantóireachta Árann a bheith ar na ceisteanna a ardófar.
Maidir le forbairt Ché Chill Rónáin ar Inis Mór amach anseo, roghnaigh Coiste Oileánda Chomhairle Contae na Gaillimhe, mar thionscnamh tosaíochta, go n-ullmhófaí staidéar féidearthachta chun teacht ar riachtanais forbartha na cé agus cuireadh san áireamh é ina Chlár um Oibríochtaí Tosaíochta Rochtana na nOileán. Tar éis don Choiste Idir Ranna Comhordaithe measúnú a dhéanamh ar an dtionscnamh a moladh, cheadaigh mé deontas £20,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe chun cabhrú le costas an staidéir seo. Tuigtear dom go mbronnfaidh an Chomhairle conradh don staidéar go luath.