Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Deontas Eorpaigh.

Robert Molloy

Question:

106 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé eolas ar fáil faoin iarratas le haghaidh deontais faoi Chlár Feidhme Turasóireachta an Aontais Eorpaigh, Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999, chun Cliabhán an Chultúir (Ionad Ealaíon agus Cultúir Gaeltachta) a thogáil i gCárna. [8842/97]

Is féidir liom a dhearbhú gur chuir Cliabhán an Chultúir Teo, Cárna, iarratas chuig mo Roinnse faoi Chéim II den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99, atá á riaradh agam faoin gClár Feidhme Turasóireachta de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá cinneadh i bprionsabal déanta agam i ndáil le cúnamh a chur ar fáil do líon áirithe tograí faoi Chéim II den scéim seo. Níl éirithe go dtí seo leis an iarratas ó Chliabhán an Chultúir Teo.

Ag súil leis an bhféidearthacht, áfach, nach mbeidh gach togra, atá tar éis tairiscint i bprionsabal a fháil faoi chúnamh deontais faoi Chéimenna I agus II den scéim seo, in ann dul chun cinn a dhéanamh laistigh den scála ama atá leagtha síos don bhabhta reatha de na Cistí Struchtúrtha, tá liosta á réiteach de thograí ionadacha a d'fhéadaí a mheas le haghaidh cúnamh deontais ar ball. Táim ag súil go mbeidh ar mo chumas cinneadh a ghlacadh go luath faoi na tograí a chuirfear ar an liosta seo.

Top
Share