Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Apr 1997

Vol. 477 No. 3

Written Answers. - Post Miúnteoir.

Robert Molloy

Question:

109 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte aici ó Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Dara, An Rinn Mhóir, Gaillimh maidir le múinteoir feabhais a cheapadh don scoil seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9340/97]

Tá an cás ón scoil seo ag lorg múinteoir feabhais ar eolas agam.

Ní thig liom, faoi láthair, múinteoirí feabhais breise a dháileadh ar bhunscoileanna.

Ó ceapadh mar Aire Oideachais mé, rinne mé 241 múinteoiri feabhais breise a dháileadh ar bhunscoileanna agus tá 1,188 múinteoirí feabhais ar fad ann anois. Sa tréimhse chéanna mhéadaigh an céatadán de dhaltaí a bhfuil teacht acu ar sheirbhísí feabhais ó 77 faoin gcéad go 87 faoin gcéad.

Mar Aire Oideachais, áfach, ní mór dom smaoineamh ar an gcaoi is fearr chun na hacmhainní atá ar fáil a riaradh thar raon níos leithne de riachtanais speisialta. Caithfidh mé tosaíochtaí a leagan síos agus iarracht a dhéanamh ar acmhainní a dháileadh sa tslí is éifeachtaí.

Leag mé béim ar leith, i mbliana, ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais agus rinne mé iarracht acmhainní a dhíriú ar an bhfadhb sin d'fhonn deireadh a chur léi. Mar chuid den bheartas sin, sheol mé tionschamh mór nua le déanaí a bhfuil sé mar aidhm leis cúnamh speisialta a thabhairt do leanaí i gceantair roghnaithe uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste oideachais.

D'éirigh liom dul chun cinn suntasach a dhéanamh thar an raon iomlán de riachtanais speisialta, agus an t-oideachas feabhais san áireamh, ó ceapadh mé mar Aire Oideachais.

A luaithe agus a thig liom an tseirbhís feabhais a leathnú arís, breathnófar go mion ar riachtanais na scoile áirithe atá i gceist.

Top
Share