Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Apr 1997

Vol. 477 No. 5

Written Answers. - Choláiste na Coiribe, Gaillimh.

Éamon Ó Cuív

Question:

239 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici aitheantas buan a thabhairt do Choláiste na Coiribe, Bóthar Thuama, Gaillimh, scoil iarbhunoideachais lán Ghaelach i gcathair na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9886/97]

Fuarthas iarratas ó Choiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe ar aitheantas buan do Choláiste na Coiribe. Táthar tar éis an t-iarratas sin a mheas go cúramach i láthair an dul chun cinn atá déanta ag an Coláiste ó bunaíodh é sa bhliain 1992.

Cúis díomá é nach bhfuil de rollachán ag an Coláiste fé láthair ach 73 dalta tar éis cúig bhliana ar an saol, aineoinn go bhfuil cúig gaelscoileanna sa chathair. Ar an mbonn sin, mheas mé nár chruthaigh an Coláiste go fóill gur scoil inmharthanach atá ann agus chinn mé gan aitheantas buan a thabhairt dó ag an am seo.
Táthar chun athbhreithniú rialta a dhéanamh amach anseo ar dhul chun cinn an Choláiste agus, má mheastar nach bhfuil sé ag forbairt go sásúil, caithfear cinneadh a dhéanamh maidir le h-aitheantas a bhaint de ar fad.
Top
Share