Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Apr 1997

Vol. 477 No. 5

Adjournment Debate. - Scoil Náisiúnta na Tulaí i mBaile na hAbhann.

Go raibh maith agat a Chathaoirligh. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach tráthnóna ach caithfidh mé a rá nach é seo an chéad uair nach bhfuil an tAire í féin ar fáil le ceisteanna ar an athló a thógáil. Creidim gur dí-mheas ar an Dáil agus ar Oireachtas Éireann é sin.

É sin ráite, cuireann sé áthas orm deis a bheith agam cás mhuintir Bhaile na hAbhann a chur faoi bhráid an Aire Stáit tráthnóna. Scoil náisitúnta í Scoil na Tulaí in áit i gConamara a bhfuil an daonra ag méadú. Le blianta fada táid i dtuileamaí seomra réamh-dhéanta le haghaidh seomra ranga. Bhí cruinniú ann le gairid agus tugadh deis do na hionadaithe poiblí breathnú ar an seomra réamh-dhéanta seo. Níl le rá agam ach nach bhfuil sé feiliúnach ar chor ar bith do mhúinteoir nó do ghasra scoile a bheith annti i gcaitheamh na bliana. Freisin is contúirt í ó thaobh tine dhe agus tá an-íontas orm go bhfuil sé fágtha chomh fada seo go gcuirfí seomra breise leis an scoil in ionad an tseomra réamh-dhéanta seo.

Go hiondúil bíonn an leithscéal ag an Roinn go mbíonn seans ann go dtitfeadh uimhreacha sa scoil agus mar sin nach mbeadh seomra nua ag teastáil. Ach sa chás seo is ceantar í seo a bhfuil fás ar an daonra. Ag breathnú ar an ráta breithe sa cheantar is léir go mbeidh an oiread céanna ranganna sa scoil seo agus atá ann le blianta fada. Ní hamháin sin ach tá forbairt mhór déanta ar an cheantar le blianta beaga anuas le teacht Theilifís na Gaeilge atá díreach trasna an bhóthair ón scoil seo. Is aisteach an rud le rá é go bhfuil foirgintí breatha nua ag Teilifís na Gaeilge trasna na sráide ón scoil ach an rud is bunúsaí do phobal, sé sin bunscoil, go bhfuil sé fós taréis blianta fada, ag braith go hiomlán ar sheomra réamh-dhéanta le haghaidh ceann de na ranganna. Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire Stáit an fíor-phráinn a bhaineann leis an cheist seo. Tá muintir na háite ag súil le deá-scéala go dtabharfar cead anois dul ar aghaidh láithreach le tógáil síneadh leis an scoil leis an fhadhb seo a réiteach agus nach mbeidh ar na scoláirí dul ar ais ar an scoil seo an Fómhar seo chugainn agus an seomra réamh-dhéanta céanna ann. Tá mé ag súil le deá-scéala ón Aire Stáit tráthnóna.

Táim buíoch don Teachta as ucht an deis seo chun míniú a thabhairt don Teach ar a bhfuil beartaithe ag an Roinn i leith scoil náisiúnta na Tulaí i mBaile na hAbhann. Glactar leis nach bhfuil an cóiríocht atá ag an scoil faoi láthair sásúil agus, ar an mbonn sin, tá an tionscnamh seo áirithe ar an gClár Caipitil do Scoileanna Náisiúnta. Tá críoch curtha anois leis an bpleanáil ailtireachta agus táthar ag ullmhú na gcáipéisí atá riachtanach chun tairiscintí a lorg.

Tá áthas orm a chur in iúil don Teach gur thug an tAire Oideachais cead le deanaí le haghaidh tairisceanna a lorg don tionscnamh seo. Tá an Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile maidir leis na sonraí.

Acting Chairman

With regard to the final matter on the Adjournment, Deputy Lenihan cannot be present to take the matter he has been given permission to raise. In the circumstances, the Chair is obliged to adjourn the Dáil as the business of the day is completed.

The Dáil adjourned at 9.15 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 16 April 1997.

Top
Share