Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Apr 1997

Vol. 477 No. 5

Written Answers. - Meastachán Costais.

342. D'fhiafraigh

d'Aire na Mara an bhfuil tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais d'oibreacha feabhsúcháin áirithe curtha ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta do shaoráidí calaíochta do chéibh an Locháin Bhig, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9580/97]

Níl an tuarascáil innealtoíreachta agus meastachán costais curtha ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta fós ach tá súil ag an Rannóg Innealtóireachta i mo Roinnse go mbeadh sé curtha leo roimh deireadh Mí Bhealtaine.

Top
Share