Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Apr 1997

Vol. 477 No. 7

Written Answers. - Scoil Cholmcille, Gaillimh.

Robert Molloy

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an míneoidh sí cén fáth a bhfuil moill ar chead a thabhairt dul ar aghaidh le tógáil seomraí breise ag scoil náisiúnta Cholmcille, Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10203/97]

Tar éis dom breithniú a dhéanamh ar an gClár Tógála Chaipitil do scoileanna náisiúnta, tá cead tugtha agam tairiscintí a lorg, agus conradh a dhéanamh, i leith seomra breise a chur ar fáil do scoil náisiúnta Cholmcille, Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe.

Tá mo Roinn ar dul ar aghaidh anois chun tairiscintí a lorg don tionscnamh. Comh luath agus atá na tairiscintí ar fáil, beifear i dteagbháil leis an scoil arís.

Top
Share