Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Apr 1997

Vol. 478 No. 5

Written Answers. - Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Éamon Ó Cuív

Question:

95 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua ar athchóiriú a dhéanamh ar an scoil móide áiseanna breise a chur ar fáil agus an bhfuil i gceist an obair seo a dhéanamh i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11627/97]

Tá roinnt ábhar aimsithe maidir le hathchóiriú ar an bhfoirgneamh reatha atá ag Scoil Chumsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua.

Tá ailtire comhairleach ceaptha chun na hábhair seo a chur in ord tosaíochta agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis na tionscnaimh sin i rith an tsamhraidh seo.

Déanfar cinneadh i leith cóiríochta breise don scoil seo i gcomhthéacs ionrollaithe, costais agus inmharthanachta.

Top
Share