Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 May 1997

Vol. 478 No. 6

Written Answers. - Comhairle Theilifís na Gaeilge.

Pat the Cope Gallagher

Question:

88 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an raibh aon duine ó Thír Chonaill nó ó Chúige Uladh molta ag Údarás RTÉ sa liostaí ainmn- iúcháin a cuireadh faoi bhráid an Aire; an gceapann an tAire gur chóir go mbeadh ionadaíocht chóir ó na Gaeltachtaí éagsúla ar chomhairle Theilifís na Gaeilge. [11812/97]

Is Coiste Comhairleach é Comhairle Theilifís na Gaeilge a ceaptar ag Údarás RTÉ le toiliú uaimse faoi Alt 21 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, mar a leasaíodh ag Alt 5 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976.

Níl aon fhreagracht orm i ndáil le roghnú na n-ainmneacha a chuireann Údarás RTÉ faoi mo bhráid chun críche na nAlt réamhráite.

Top
Share