Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 May 1997

Vol. 478 No. 7

Written Answers - Ionad Fiontair Málainn Mhóir.

Mary Coughlan

Question:

105 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheas an tIonad Fiontraíochta foscailte i Málainn Mhór, Gleann Cholm Cille, Contae Thír Chonaill; agus cén sórt tionscail a bhéas ann. [12073/97]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an tIonad Fiontair i Málainn Mhóir críochnaithe le tamall an-ghairid agus, cé go bhfuil plé ar bun maidir leis an gcineál tionscail a lonnófar ann, go bfhuil sé ró-luath a rá cathain a lonnófar tionscal ann agus cén sórt tionscail a bheidh ann.

Top
Share