Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Written Answers. - Tionscail Turasóireachta.

Robert Molloy

Question:

125 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén ról atá ag a Roinn i gcur chun cinn tionscail turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12779/97]

Tá ról teoranta ag Údarás na Gaeltachta, comhlacht Stáit faoi scáth mo Roinne, i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta cultúrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht.

Ar ndóigh, cabhraíonn scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne-se go díreach nó go hindíreach leis an turasóireacht sa Ghaeltacht — mar shampla Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge nó an Scéim Dreasachtai Forbartha Cultúrtha. Chomh maith leis sin, tá suíomhanna agus ionaid áirithe sa Ghaeltacht, atá faoi chúram Seirbhís Oidhreachta mo Roinne, a mbíonn tarraingt mhór ag turasóirí orthu — mar shampla, Dún Aonghusa, Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid Mhór agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe.

Top
Share