Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Written Answers. - Scéim na BhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Liz O'Donnell

Question:

22 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhféadhfadh sé a rá cad a íocann an Roinn in aghaidh an lae le mná tí Gaeltachta a choinníonn scoláirí a fhreastalaíonn ar choláistí Gaeilge samhraidh; agus an bhfuil aon phleananna aige leis an táille a íoctar in aghaidh an lae a árdú. [12704/97]

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge íocann mo Roinnse £4 in aghaidh an lae i leith gach foghlaimeora aitheanta a bhíonn ar iostas i dteach aitheanta Gaeltachta. I 1995 rinneadh méadú substaintiúil ar an deontas ó £3.50 go dtí £4 in aghaidh an lae — an céad méadú ó 1990 — agus níl sé i gceist ardú eile a dhéanamh i mbliana.

Ní miste a rá nach bhfuil sa chúnamh a íocann mo Roinn féin ach cuid den ioncam a bhíonn ag na teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas leo le linn dóibh a bheith ag freastal ar Choláistí Gaeilge. Déanann lucht riartha na gColáistí íocaíocht leis na teaghlaigh chomh maith — as na táillí a íocann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí leo.

Top
Share