Ar an gcéad dul síos is gá a rá go soiléir nach bhfuil gach gné de shaol na n-oileán Gaeltachta mar chúram ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Tá freagrachtaí ar Ranna Stáit éagsúla, ar chomhairlí contae éagsúla agus ar chomhlachtaí Stáit éagsúla i dtaca le seirbhísí dá gcuid a chur ar fáil do phobail na n-oileán. Chomh maith leis sin tá an coiste idir-Ranna comhordaithe ann, atá faoi scáth Roinn an Taoisigh, agus é mar chúram air "tacú le pobail oileán ina bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, a sainoidhreacht chultúir agus teanga a chaomhnú agus a láidriú agus na hoileánaigh a chumasú le teacht ar leibhéil chuí de sheirbhísí poiblí chun páirtíocht iomlán ghníomhach i saol eacnamaíoch agus sóisialta an náisiúin a éascú".
Maidir leis an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, bíonn buntáistí a gcuid scéimeanna, ag rátaí níos fearr ná mar a bhíonn ar fáil sna limstéir Ghaeltachta ar an mórthír i gcásanna áirithe ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta. Thar na blianta tá cúnamh substaintiúil curtha ar fáil ar mhaithe leis na hoileáin Ghaeltachta ar a n-áirítear cabhair i leith tionscal a bhunú, saoráidí calaíochta a chur ar fáil agus a fheabhsú, seirbhisí farantóireachta agus aersheirbhísí a sholáthar, forbairt pobail a chur chun cinn, comharchumainn a bhunú, tithe a thógáil agus a fheabhsú, hallaí pobail agus saoráidí chaitheamh aimsire a chur ar fáil agus mar sin de. Le haon tslat tomhais tá obair mhaith á déanamh i dtaca le forbairt na n-oileán Gaeltachta agus maidir le caighdeán maireachtála agus saol na bpobal orthu a fheabhsú.
Agus é sin ráite agam ná glacadh éinne leis go bhfuilim á rá nach bhfuil gá le feabhas i réimsí ar leith. Tá agus admhaím é sin go hiomlán. Ní féidir liom, áfach, glacadh le héirim na ceiste ón Teachta agus diúltaím go hiomlán dá bhfuil sé ag iarraidh a chur in iúl. Tá dearcadh dearfach ag pobal na n-oileán agus pobal na Gaeltachta i gcoitinne maidir le misean agus ról na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus maidir leis an tslí ina fheidhmíonn sí ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus leis an nGaeilge.