Chuir an Rialtas £1 milliún ar fáil anuraidh chun áiseanna teacht i dtír a fhorbairt ar na hoileáin amach ón gcósta. Mar is eol don Teachta, rognaíodh agus tugadh tosaíocht do na tograí ar leibhéal áitiúil. Is iad na Coistí Oileanda de chuid na Comhairlí Condae a thug faoin obair seo.
Rinne an Coiste Eadar-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt na nOileán measúnú orthu agus i ndiaidh sin cuireadh moltaí faoi mo bhráid. Cuireadh an córas sin i bhfeidhm d'fhonn an t-airgead poibli a chaitheamh ar an mbealach is eifeachtaí.
I 1996, cheadaigh mé deontas circa £600,000 chun áiseanna teacht i dtír a fhorbairt. Ag deireadh na bliana, is é an tsuim a bhí caite ag na hÚdaráis Aitiúla ná £170,000 ar oibreacha a bhí curtha i gcrích ag an tráth sin.
Cuireadh na deontaisí ar fáil chuig na hÚdaráis Aitiúla de réir Forálacha Cuntasaíochta an Rialtais. Ciallaíonn sé sin nach bhfeadfaí airgead a íoc go dtí go gcríochneofar togra ina iomlan nó go dtí go gcríochneofar céim áirthe de.
Tá cuid do na hoibreacha a ceadaíodh anuraidh fós le críochnú i mbliana. D'fhonn a chinntiú go mbeadh soláthar airgid ar fáil i mbliana chun é sin a dhéanamh, chuir mo Roinn airgead sa bhreis ar fáil inar Vóta sa bhliain reatha.
Is seo a leanas stádas na ndeontaísí faoi lathair a cuireadh ar fail do na Comhairlí Contae:
|
1996-1997
|
|
Iomlán
|
|
£
|
Dún na nGall
|
415,711
|
Gaillimh
|
274,500
|
Maigh Eo
|
30,000
|
Corcaigh
|
527,000
|
Iomlán
|
1,247,211
|
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo tar éis tograí ar chostas £840,000 a chur faoi mo bhraid le deanaí agus taim lán dochasach go mbreithneodh an Coiste Eadar-Ranna go baúil ar chuid mhaith acu agus go gcuirfidh siad moltaí as mo chomhair go luath amach anseo.