Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Nov 1997

Vol. 482 No. 8

Written Answers. - Inish Bigil, Acla.

Enda Kenny

Question:

236 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén cinneadh ata déanta aici ag éirí as an chuairt a thug sí ar oileán Inish Bigil, Acla le déanaí agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith agus a rá an bhfuil airgead sna Meastachaín do 1998 dá reír. [19715/97]

Thug mé cuairt ar Inis Bigil ar an 29 Deireadh Fómhair 1997 agus phléigh mé riachtanais an oileáin leis an gComharchumann agus leis na hoileánaigh.

Tuigim níos fearr anois na deacrachtaí atá acu. Mar a dúirt mé san fhreagra a thug mé don Teachta ar 23 Deireadh Fómhair 1997 tá fadhb mhór ag baint le taisteal idir an oileán agus an mórthír. Tá féidireachtaí éagsúla á scrúdú faoi láthair chun réiteach na faidhbe sin a fháil. Tá na hoileánaigh ar aon fhocal go gcaithfear córas ceart agus feiliúnach a chur ann chomh luath agus is féidir agus beidh mise ag iarraidh gach cúnamh gur féidir liom a thabhairt dóibh i gcomhar le heagraíochtaí cuí eile.

Tá mé dóchasach go mbeifear ábalta an t-airgead riachtanach a chur ar fáil nuair a bheidh cinneadh déanta maidir leis na mbealach is fearr agus is eacnamúla chun riachtanais na n-oileánach a shásamh.

Top
Share