Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Dec 1997

Vol. 483 No. 6

Written Answers. - Oibreacha Cuain.

Dinny McGinley

Question:

351 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di an droch-bhail atá ar an chéibh ag Mucrois i gCill Chártha agus an bhfuil aon phleananna le hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh ansin. [21538/97]

Tá cóip de thuairisc ghinearálta ar chéibheann Dhún na nGall a d'ullmhaigh an chomhairle chontae agus a léiríonn na hoibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin atá de dhíth ag Cé Mhucrois, faighte ag mo Roinnse.

Níl iarratas ar chúnamh i leith oibreacha ag na gcé seo faighte ag mo Roinnse. Ar ndóigh, is gnó do Chomhairle Chontae Dhún na nGall obair chothabhála a chur i gcrích ag an gcé seo.

Dinny McGinley

Question:

352 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí na deacrachtaí maidir le calaíocht ag Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall agus an bhfuil aon phleananna le cúrsaí a fheabhsú ansin. [21539/97]

Tá na féidearthachtaí maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh á scrúdú ag mo Roinnse i gcomhairle le Roinn na Mara agus Acmhainní Nádúrtha le tamall. Mhol an Roinn sin go bhfostófaí speisialtóirí comhairleoireachta chun staidéar a dhéanamh ar an trá agus ar an gcladach ag Machaire Rabhartaigh agus ar phiara Mhachaire Rabhartaigh agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ann.

Tuigim gur cheadaigh an Coiste Idir-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt Oileán deontas £50,000 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar 11 Meán Fómhair 1996 i leith staidéar féidearthachta ar mhóroibreacha forbartha ar an gcé. Íocadh £34,582 den deontas sin le an gComhairle Chontae ar 31 Nollaig 1996. Chomh maith leis sin cheadaigh an Coiste Idir-Ranna deontas £30,000 ar 11 Aibreán 1997 chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an sleamhnán ann.

Top
Share