Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Dec 1997

Vol. 483 No. 6

Written Answers. - Forleathnú Labhairt na Gaeilge.

Enda Kenny

Question:

354 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas i dtaobh fhorbairt labhairt na Gaeilge ar fud na tíre; an bhfuil aon phlean speisialta aici don Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí agus an gcuirfidh sí plean forbartha ina leith ar fáil. [21541/97]

Tá straitéis an Rialtais i dtaca le buanú agus cur chun cinn na Gaeilge, agus na céimeanna praiticiúla a nglacfar chuige sin, leagtha amach i gClár an Rialtais. Léiríonn an Clár sin na céimeanna a ghlacfar a bheidh dírithe ar úsáid na Gaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht agus a leathadh sa chuid eile den tiár. Aithníonn an Clár go mbeidh ról lárnach ag an tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne, agus ag an gCóras Oideachais ach go háirithe, i bhfeidhmiú an pholasaí sin.

Maidir le mo Roinnse, tá sé mar bhunaidhm aici an Ghaeilge a bhuanú mar ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht agus a húsáid a leathadh sa chuid eile den tír.

Laistigh den Ghaeltacht leanfaidh mo Roinnse, agus Údarás na Gaeltachta, trí na scéimeanna cúnaimh agus gríosaithe dá gcuid, de bheith ag cuidiú le forbairt teanga agus cultúir, le forbairt tionscail, feabhsú infrastruchtúir agus le forbairt pobail ar mhaithe le buanú na Gaeilge inti.

Lasmuigh den Ghaeltacht leanfaidh agus treiseoidh mo Roinnse agus Bord na Gaeilge a n-iarrachtaí chun úsáid na Gaeilge mar theanga bheo a spreagadh ar fud na tíre trí scéimeanna agus tionscnaimh dá gcuid féin agus trí chúnamh a thabhairt d'eagrais eile atá ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Tá tús curtha le hobair d'fhonn Bille Comhionannais Teanga a dhréachtadh ina mbeidh, inter alia, freagracht ar Oifig Ombudsman a chinntiú go mbeadh an ceart dlíthiúil agus an deis laethúil ag pobal na Gaeilge a guid gnó a dhéanamh trí Gaeilge leis an Stát, leis na h údaráis áitiúla agus le fondúireachtaí poiblí.

Top
Share