Faoi mar is eol don Teachta ní raibh soláthar i Vóta mo Roinnese le haghaidh caiteachas ar bhóithre i mbliana. Shocraigh mé, áfach, ar shuim de £0.5 milliún a chur ar fáil chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú. Bhí an soláthar sin ar fáil toisc, ach go háirithe, nach ndeachaigh clár muiroibreacha mo Roinnese (na móroibreacha mara ag Toraigh go príomha) chun cinn chomh tapaidh agus a bhíothas ag súil leis.
Rinneadh an soláthar a bhí ar fáil de réir daonra na limistéar Gaeltachta sna contaetha Gaeltachta éagsúla. Rinneadh coigeartú beag ar na suimeanna sin le go bhféadfar suim de £10,000 a chur ar fáil i gcás na gcontaetha le daonra beag (An Mhí agus Port Láirge).
D'ullmhaigh Stiúrthóirí Áitiúla mo Roinnese, i gcomhairle leis na comhairlí contae iomchuí, na liostaí bóithre bunaithe ar na critéir a leanas: riachtanas; costas; agus láidreacht/laige na Gaeilge sa cheantar.