Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh 58 nduine fostaithe go lánaimseartha agus 35 dhuine go páirtaimseartha/séasúrach ag deireadh 1997 i ngnóthais sa cheantar a fuair cúnamh ón Údarás.
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun ag an Údarás chun teacht ar thionscail nua agus chun cuidiú le forbairt a dhéanamh ar na tionscail atá lonnaithe sa cheantar cheana féin. Tá sé aontaithe, mar shampla, suíomh nua a cheannach i gceantar an Chlocháin d'fhonn tionscail a lonnú agus tá plé ar siúl cheana féin maidir le togra don suíomh sin. Cé go bhfuil díomá ar an Údarás gur theip ar ghnó a bhí lonnaithe sa mhonarcha dá chuid i mBaile na Finne i 1997, tá togra ionaid á phlé faoi láthair don mhonarcha chéanna agus tá súil le dul chun cinn sa chás go luath.
Tá deiseanna forbartha turasóireachta, cultúrtha agus oidhreachta á bplé le pobal an cheantair le tamall agus tá dóchas ann gur féidir tograí fostaíochta a chur chun cinn dá bharr sin. Ceadaíodh togra forbartha do ghnó atá bunaithe ar achmhainní nádúrtha an cheantair i 1997. Tá scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS ar siúl sa cheantar faoi choimirce an Údaráis freisin.